|
Article on other languages:
|
Is tír i Meiriceá Thuaidh é Ceanada , idir an tAigéan Atlantach agus an tAigéan Ciúin. Is ríocht dhaonlathach é Ceanada, a bunaíodh i 1867 mar chónaidhm in Impireacht na Breataine. Tá 32 milliún duine ina gcónaí i gCeanada. Is iad Torontó agus Montréal na cathracha is mó, ach is é Ottawa príomhchathair na tíre. Béarla agus Fraincis na teangacha oifigiúla. Cúigí agus DúicheTá 10 chúige i gCeanada.
Tá 3 dhúiche i gCeanada
TíreolaiochtIs mór an tír í, le 9,984,670 km². Tá teorainn aici leis na Stáit Aontaithe Mheiriceá. Is é Ceanada an dara tír is mó ar domhan. Stair
"Nua Fhrainc" i 1703. Bhí sé an stáit is mó i Meiriceá Thuaidh
Tá na Meiriceánaigh Dúchasach ina gcónaí i gCeanada le 10,000 bliain. Tháinig na Lochlannaigh go Talamh an Éisc thart ar 1000 AD, agus na Bascaigh i rith na meánaoiseanna. Ruaig na Sasanaigh na Bascaigh ó thailte saibhre éisc na tíre go luath sa 16ú haois agus chuir siad coilíneachtaí ar Thalamh an Éisc. Tháinig na Francaigh i dtír i 1534, agus ar dtús thosaigh siad ina gconaí i Port Royal sa Albain Nua, i 1605. "Acadian" is ainm do dhaoine seo. Samuel de Champlain ab ea an "Athair an Nua Fhrainc". Lean sé ar aghaidh chun Québec a thógail freisin, an príomhchathair sa stáit nua. I 1763, tháinig i dtír na Sasanaigh. Nuair a chríochnaigh Cogadh na Seacht mBliana, fuair an Bhreatain an chuid is mó de choilíneachta na Fraince i Meiriceá Thuaidh. Thosaigh Ceanada mar thiarnas feidearálach le ceithre chúige sa bhliain 1867. Diaidh ar ndiaidh, fuair Ceanada críocha agus cúigí eile, chomh maith le tuilleadh féinrialach. Tír neamhspléach atá ann anois.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
This article is from Wikipedia. All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License.